← Bhí orainn cóir a chosaint agus éagóir a chosc do ríthe agus do thiarnaí na hÉireann. 🔊✎
← Ar a shon sin ba linn féin seilg na tíre, an fheoil a bheith mar bhia againn agus na craicne mar thuarastal. 🔊✎
← Chóiridís líontáin idir crainn leis na mionbheithigh a cheapadh agus ghléasadh gach fear é féin leis na beithigh mhóra a mharú dá mbrisfidís amach as an bhfáinne. 🔊✎
← Ceithre choinníoll a bhí ar gach fear: Gan spré a ghlacadh le bean ach í a thógáil ar a dea-bhéasa agua ar a tréithe. 🔊
← Gan olc a dhéanamh ar bhean. 🔊✎
← Gan duine a dhiúltú faoi mhaith ná faoi bhia. 🔊✎
← Deich gcoinníoll eile a chuir Fionn ar gach ábhar Féinne: Slánadh a fháil óna athair agus óna mháthair, óna ghaolta agus óna chine nach n-agróidís a bhás go brách ar aon duine dá marófaí é a fhad a bheadh sé sna Fianna. 🔊
← Eolas a bheith aige ar dhá leabhar déag filíochta. 🔊✎
← Sciath agus bata coill a thabhairt leis agus seasamh i log talaimh go gcaithfeadh naonúr laoch a sleátha naoi n-uaire leis in éineacht, agus dá loitfeadh urchar sleá é thar a sciath agus a bhata coill, ní raibh glacadh sna Fianna leis. 🔊✎
← A fholt a réiteach sa choill agus gan ach aon chrann amháin a ligean idir é féin agus laochra a thóra. 🔊✎
← Dá ndéanfadh sé é sin uile chaithfeadh sé móid a thabhairt go mbeadh sé umhal urramach do Rí na Féinne agus ansin ghlacfadh Fionn sa bhFiannaíocht é. 🔊✎